Ainm: | Denis Sweeney | |
Áit Chónaithe: | An Machaire Beag, Na Dúnaibh |
Áit Dúchais: | Tír Lochán, Carraig Airt |
Catagóir: | An Pobal |
Fochatagóir: | Tiarnaí Talaimh agus Tionóntaí |
Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
An Tiarna Liatroma – An Tríú Iarla. Tháinig sé in arm Chromwell as Sasana thart ar 1640. Ba ag “Bingley” a bhí an talamh agus cheannaigh “Vaughan” uaidh é. Cheannaigh “Clements” an talamh in 1743 agus insíonn Denis faoin fhoroinnt (subdivision) ná an “Rundale System” a thosaigh an Tiarna Liatroma. Níor shásaigh seo tionóntaí Fhánaide agus rinne triúr acu plean luíochán a dhéanamh ar an Tiarna i gCoilligh Chratlaigh agus mharaigh siad é. Ba “Shields”, “Herrity” agus “McElwee” na Gaeil cuid de na fir a bhí páirteach. Cuireadh “Herrity” faoi ghlas; cé nár é a mharaigh an Tiarna agus fuair sé bás sa phríosún in Leifear. D’éalaigh an bheirt eile agus chuaigh siad trasna go Fánaid arís i gcurach. | 00:11:56 | |
Tháinig an ceathrú Iarla i ndiaidh sin agus thosaigh seisean ag tógáil Ostán Rós na Binne, thart ar 1890 ach fuair sé bás sula raibh an obair críochnaithe. Chríochnaigh a mháthair an ostán. Tháinig a lán bodaí mhóra ag imirt ghailf. | 00:01:39 | |